Fáilte

Comhad Eolais OpenOffice.org 3.2

Le haghaidh na nuashonruithe is déanaí don chomhad seo, féach ar http://www.openoffice.org/welcome/readme.html

A Úsáideoir, a chara

Tá eolas tábhachtach sa chomhad seo faoin gclár seo. Léigh é go cúramach roimh dhul i mbun oibre, le do thoil.

Ba mhaith le Comhphobal OpenOffice.org, ar a bhfuil sé de chúram an táirge seo a fhorbairt, cuireadh a thabhairt duit bheith i do bhall den chomhphobal. Agus tú i d'úsáideoir nua, tig leat eolas úsáideach a fháil ach cuairt a thabhairt ar shuíomh Gréasáin OpenOffice.org ag

http://www.openoffice.org/about_us/introduction.html

Léigh freisin an méid thíos faoi bheith páirteach i dtionscadal OpenOffice.org.

An bhfuil OpenOffice.org saor in aisce do chách, i ndáiríre?

Tá OpenOffice.org saor in aisce do chách. Tá cead agat an chóip seo de OpenOffice.org a shuiteáil ar an oiread ríomhairí agus is mian leat, agus é a úsáid le haghaidh cibé gnó a theastaíonn uait (tráchtáil, rialtas, riarachán poiblí agus oideachas san áireamh). Le haghaidh tuilleadh eolais, feic an téacs ceadúnais a tháinig le OpenOffice.org nóhttp://www.openoffice.org/license.html

Cén fáth a bhfuil OpenOffice.org saor in aisce do chách?

Tá tú in ann an chóip seo de OpenOffice.org a úsáid inniu saor in aisce mar thoradh ar an dearadh, forbairt, tástáil, aistriúchán, doiciméadú, tacaíocht, margaíocht agus cabhair eile a rinne rannpháirtithe aonair agus urraitheoirí corparáideacha ionas go mbeadh OpenOffice.org ar an bpríomhbhogearra oifige foinse oscailte.Má tá tú buíoch as a gcuid oibre, agus más mian leat cinntiú go leanfaidh OpenOffice.org amach anseo, smaoinigh le do thoil faoi bheith rannpháirteach sa tionscadal - feic http://contributing.openoffice.org le tuilleadh eolais a fháil. Is féidir le gach uile dhuine cabhrú linn.

Nótaí Suiteála

Riachtanais Chórais:

Tá réimse leathan de dháileacháin Linux, agus fiú i ndáileachán amháin is minic roghanna éagsúla suiteála a bheith ar fáil (KDE vs Gnome, srl.). Bíonn a leagan ‘dúchasach’ de OpenOffice.org ag dáileacháin áirithe, a d'fhéadfadh gnéithe a bheith iontu atá difriúil ón OpenOffice.org Comhphobail seo. Uaireanta is féidir an OpenOffice.org Comhphobail a shuiteáil ag an am céanna agus an leagan ‘dúchasach’. De ghnáth, áfach, bíonn níos sábháilte an leagan ‘dúchasach’ a bhaint roimh shuiteáil an leagan Comhphobail seo. Lorg eolas faoi conas é sin a dhéanamh i ndoiciméadú do dháileacháin.

Moltar duit cúltaca a dhéanamh ar do chóras nuair a shuiteálann tú bogearraí nua, nó nuair a bhaineann tú bogearraí ó do chóras.

Aicearraí

Ní féidir ach aicearraí méarchláir nach bhfuil in úsáid ag an gcóras oibriúcháin a úsáid in OpenOffice.org. Mura n-oibríonn teaglaim eochracha in OpenOffice.org sa dóigh a ndéantar cur síos uirthi i gCabhair OpenOffice.org, féach an bhfuil an t-aicearra sin in úsáid cheana ag an gcóras oibriúcháin. Is féidir leat na heochracha atá socruithe ag do chóras a athrú chun coimhlintí mar seo a réiteach. Mar rogha air sin, is féidir beagnach socrú eochrach ar bith in OpenOffice.org a athrú. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar seo, féach i gcáipéisí cabhrach OpenOffice.org nó do chórais oibriúcháin.

Mar gheall ar choimhlint le hathrú an mhóid ionchurtha ar ardáin éagsúla, níor mhór na haicearraí seo a leanas a athrú le déanaí:

Glasáil Comhaid

Tá glasáil chomhad cumasaithe mar réamhshocrú in OpenOffice.org. Chun í a dhíchumasú, ní mór an athróg thimpeallachta cuí a shocrú mar SAL_ENABLE_FILE_LOCKING=0 agus SAL_ENABLE_FILE_LOCKING a easpórtáil. Tá na hiontrálacha seo san fhoirm chumasaithe cheana féin sa chomhad scripte soffice.

Rabhadh: is féidir an ghlasáil chomhad a bheith freagrach as fadhbanna le Solaris 2.5.1 agus 2.7 agus iad úsáidte le Linux NFS 2.0. Más amhlaidh do thimpeallacht chórais, moltar go láidir úsáid na glasála comhad a sheachaint. Murach sin, stopfaidh OpenOffice.org má dhéantar iarracht comhad a oscailt ó chomhadlann atá feistithe le NFS ó ríomhaire Linux.

Nótaí Tábhachtacha maidir le hInrochtaineacht

Chun tuilleadh eolais maidir le gnéithe inrochtaineachta OpenOffice.org a fháil, féach ar http://www.openoffice.org/access/.

Clárú

Caith seal beag, le do thoil, ag comhlánú an phróisis bhig chláraithe agus an bogearra á shuiteáil agat. Cé go bhfuil an clárú roghnach, molaimid duit é mar cabhróidh an t-eolas leis an gcomhphobal bogearra níos fearr a fhorbairt agus riachtanais na n-úsáideoirí a fhreagairt go díreach. Lena Pholasaí Príobháideachais, déanann Comhphobal OpenOffice.org gach iarracht do shonraí pearsanta a chosaint. Má chaill tú an clárú ag am suiteála, is féidir leat filleadh agus clárú am ar bith trí "Cabhair > Clárú" a roghnú ón phríomh-roghchlár.

Suirbhé na nÚsáideoirí

Tá Suirbhé na nÚsáideoirí ar líne freisin agus molaimid duit é a líonadh. Cabhróidh torthaí an tsuirbhé le OpenOffice.org bogadh níos tapúla i dtreo ardchaighdeáin a bhaint amach i gcruthú an bhogearra oifige is nuaí. Lena Pholasaí Príobháideachais, déanann Comhphobal OpenOffice.org gach iarracht do shonraí pearsanta a chosaint.

Tacaíocht d'Úsáideoirí

Soláthraíonn an príomhleathanach tacaíochtahttp://support.openoffice.org/ábhair chabhrach éagsúla le haghaidh OpenOffice.org. Seans go bhfuil freagra ann cheana féin ar do cheist - féach san Fhóram Comhphobail.http://user.services.openoffice.org nó cuardaigh cartlanna an liosta ríomhphoist 'users@openoffice.org' ag http://www.openoffice.org/mail_list.html. Nó is féidir leat do cheisteanna a sheoladh chuig users@openoffice.org. Caithfidh tú liostáil leis an liosta chun freagra ríomhphoist a fháil. Tá treoracha ar fáil anseo: http://wiki.services.openoffice.org/wiki/Website/Content/help/mailinglists.

Féach freisin na ceisteanna coitianta ag http://wiki.services.openoffice.org/wiki/Documentation/FAQ.

Tabhair Tuairiscí ar Fhadhbanna agus ar Fhabhtanna

Is ar shuíomh Gréasáin OpenOffice.org atá IssueZilla, an córas s'againne le haghaidh tuairiscí a thabhairt ar fhadhbanna agus ar fhabhtanna, iad a leanúint, agus iad a réiteach. Tá gach aon úsáideoir i dteideal, agus fáilte rompu, tuairisc a thabhairt ar fhadhbanna a tharlaíonn ar a n-ardán féin. Is é tuairisciú beo ar fhadhbanna ceann de na rudaí is tábhachtaí ar féidir le comhphobal na n-úsáideoirí a thabhairt d'fhorbairt agus d'fheabhsú an bhogearra.

Conas a Bheith Páirteach

Rachadh sé go mór chun sochair Chomhphobal OpenOffice.org dá mbeifeá páirteach gníomhach i bhforbairt an tionscadail thábhachtaigh seo foinsí oscailte.

Agus tú i d'úsáideoir, is cuid luachmhar de phróiseas forbartha an bhogearra tú cheana, agus ba mhaith linn tú a spreagadh chun ról níos gníomhaí fós a bheith agat d'fhonn bheith i do chuiditheoir leis an gcomhphobal go fadtéarmach. Glac páirt, le do thoil, agus féach ar leathanach na n-úsáideoirí ag: http://www.openoffice.org

Conas Tosú

Is éard ab fhearr a dhéanamh le tosú ag cuidiú ná clárú le liosta nó dhó, bí ag cúlchoimhéad ar feadh tamall, agus na cartlanna ríomhphoist a úsáid chun taithí a fháil ar na hábhair a pléadh ó scaoileadh amach cód foinseach OpenOffice.org i mí Dheireadh Fómhair 2000. Nuair a bheidh tú ar do shuaimhneas, níl le déanamh ach teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chun tú féin a chur in aithne do dhaoine, agus ar aghaidh leat. Má tá taithí agat ar thionscadail fhoinsí oscailte, féach an bhfuil aon rud a d'fhéadfá cabhrú leis ar ár liosta de rudaí atá le déanamh ag http://development.openoffice.org/todo.html.

Liostáil

Seo roinnt de liostaí ríomhphoist an tionscadail ar féidir leat clárú leo ag http://www.openoffice.org/mail_list.html

Bí Páirteach i dTionscadail

Is féidir leatsa cabhrú go mór leis an tionscadal tábhachtach foinsí oscailte seo fiú mura bhfuil agat ach beagán taithí ar dhearadh bogearraí nó ar ríomhchlárú. Tusa!

Ag http://projects.openoffice.org/index.html gheobhaidh tú raon tionscadal ó Logánú, Iompar agus Bogearraí Grúpa, go tionscadail chódála. Mura bhfuil tú i d'fhorbróir, féach ar an Tionscadal Doiciméadaithe nó ar an Tionscadal Margaíochta. Tá Tionscadal Margaíochta OpenOffice.org ag úsáid modhanna traidisiúnta tráchtála agus modhanna nua chun bogearraí le foinsí oscailte a chur ar an margadh, agus déantar é thar theorainneacha teanga agus cultúir. Mar sin, is féidir leat cabhrú tríd an scéal a scaipeadh agus eolas a thabhairt do do chairde faoin mbogearra oifige seo.

Is féidir leat cabhrú trí pháirt a ghlacadh anseo sa Ghréasán Margaíochta, Cumarsáide agus Eolais: http://marketing.openoffice.org/contacts.html áit inar féidir leat teagmháil a sholáthar leis na meáin, gníomhaireachtaí rialtais, comhairleoirí, scoileanna, grúpaí úsáideoirí Linux agus forbróirí i do thír agus i do chomhphobal féin.

Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as bheith ag obair le OpenOffice.org 3.2 agus go mbeidh tú linn ar líne.

Comhphobal OpenOffice.org

Cód Foinseach Úsáidte/Athraithe

Portions Copyright 1998, 1999 James Clark. Portions Copyright 1996, 1998 Netscape Communications Corporation.